
Bhí Seachtain na Gaeilge á cheiliúradh againn ar fud na scoile i mbliana. Rinneamar iarracht bhreise cluichí a imirt, ceachtanna a fhoghlaim agus spraoi a bheith againn trí Ghaeilge. Bhí comórtas againn sa scoil (Comórtas na Doirí) féachaint cén rang a d’fhéadfadh an doras a dhéanamh an ceann is Gaelaí! Chríochnaíomar an tseachtain le ceolchoirm agus thugamar cuireadh do thuismitheoirí. Rinneamar ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh!