
Bhaineamar taitneamh as na gníomhaíochtaí éagsúla i rith Seachtain na Gaeilge. Bhí tráth na gceist ar siúl sa halla. Bhí ceachtanna rince ag na buachaillí. Mar is gnách in ár scoil, ghlac na buachaillí páirt i gceolchoirm mhór ar ‘Lá Glas’, an lá roimh Lá Fhéile Pádraig. Bhí a lán Gaeilge in úsáid timpeall na scoile. Tar éis Seachtain na Gaeilge, bhí gach buachaill sona sásta. Buíochas le Ms Mulhern agus an Coiste Gaeilge.