Bhaineamar taitneamh as na gníomhaíochtaí éagsúla i rith Seachtain na Gaeilge. Tháining banna ceol traidisiúnta, Airneán, go dtí scoil Réalt na Mara. Bhí tráth na gceist ar siúl sa halla. Bhí ceachtanna rince ag na buachaillí. Mar is gnách in ár scoil, ghlac na buachaillí páirt i gceolchoirm mhór ar ‘Lá Glas’, an lá roimh Lá Fhéile Pádraig. Bhí a lán Gaeilge in úsáid timpeall na scoile. Tar éis Seachtain na Gaeilge, bhí gach buachaill sona sásta.